Comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha anois i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste
Tá comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha anois curtha i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Tá an chomharthaíocht dhátheangach seo ar Bhóthar na bhFál idir Bóthar Chluanaí agus Bóthar na Carraige Báine, agus taispeántar léi sin na lánaí bus agus an t-eolas páirceála.
Chuir an tAire Kimms fáilte roimh an dul chun cinn seo, agus dúirt sí:
“Tá comharthaíocht dhátheangach in airde ag roinnt mhaithe gnólachtaí agus eagrais ar fud Iarthar Bhéal Feirste cheana féin, ar an taobh istigh agus ar an taobh amuigh daofa. Is dul chun cinn dearfach eile don Cheathrú Ghaeltachta é cur in áit na comharthaíochta dátheangaí seo ar na bóithre sa cheantar sna seachtainí beaga amach romhainn, agus léiríonn sé an tiomantas s’agam cloí leis an Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Léiríonn an Ghaeilge an fhéiniúlacht agus an cultúr i bpáirt againn fud fad an oileáin seo. Gabhaim buíochas le Forbairt Feirste agus le Conradh na Gaeilge as a gcuid feachtasaíochta ar son na comharthaíochta dátheangaí ar na bóithre leis an infheictheacht agus an tuigse ar an Ghaeilge a chur chun cinn.”
Ag labhairt thar ceann Forbairt Feirste, dúirt an Bainisteoir Tionscadail Piarais Mac Alastair:
"Is forbairt thábhachtach agus dhearfach í tabhairt isteach comharthaí tráchta bóthair dátheangacha don Cheathrú Ghaeltachta agus don phobal Gaeilge i gcoitinne. Is léiriú infheicthe féiniúlachta í an teanga, agus aithníonn na comharthaí seo réaltacht laethúil na mílte duine a chónaíonn, a oibríonn, a dhéanann staidéar agus a thugann cuairt ar an gcuid seo de Bhéal Feirste."
"Léiríonn an scéim píolótach seo cad is féidir a bhaint amach nuair a oibríonn an rialtas i gcomhar leis an pobail. Molaimid an Roinn Bonneagair agus an tAire Kimmins as an tionscnamh seo a chur chun cinn agus as tábhacht na Gaeilge a aithint laistigh dár spásanna poiblí comhroinnte."
"Iarraimid anois ar an Aire agus ar an Roinn an scéim píolótach Tráchta Bóthair seo a leathnú amach chuig an Cheathrú Ghaeltachta méadaithe atá anois aitheanta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le déanaí."
Dúirt Cuisle Nic Liam, Comhordaitheoir Cearta Teanga Chonradh na Gaeilge:
“Cuireann Conradh na Gaeilge fáilte ollmhór roimh an scéim úr chun comharthaíocht bóthair dhátheangach a thabhairt isteach i gcroílár Cheathrú Ghaeltachta Iarthar Bhéal Feirste. Is é seo an chéad tionscadal dá leithéid áit ar bith ó thuaidh agus, mar gheall ar stair na hathbheochana teanga pobal-bhunaithe sa cheantar, tá sé oiriúnach gur roghnaíodh Iarthar Bhéal Feirste, ceann de chúig cheantar pleanála teanga aitheanta ar fud na hÉireann, chun an scéim stairiúil seo a chur ar bun. Is forbairt ríthábhachtach é seo i gcur i gcrích leanúnach Phlean Teanga Iarthar Bhéal Feirste, Fís an Phobail.”
“Forbraíodh an tionscadal seo trí phróiseas comhdheartha le páirtithe leasmhara áitiúla agus náisiúnta agus bhí ríméad orainn bheith ag comhoibriú leis an Aire, lena Roinn agus le Forbairt Feirste le blianta beaga anuas. Tagann dearadh na comharthaíochta tráchta bóthair nua dátheangaí seo chun cinn ó theimpléid agus cleachtais idirnáisiúnta agus cinntíonn an dearadh úr seo múnla nua dea-chleachtais ó thuaidh agus ó dheas.’"
“Tá ról fíorthábhachtach ag comharthaíocht dhátheangach maidir le feiceálacht agus normalú na Gaeilge a mhéadú laistigh dár spásanna poiblí comhroinnte. Táimid ag súil anois le bheith ag obair leis an Aire agus leis na comhpháirtithe ábhartha uile chun go ndéanfar an tionscadal píolótach rathúil seo a chur i bhfeidhm i bpobail eile go fíor-luath amach anseo.”
Duirt Pól Deeds,Choimisinéir Gaeilge:
“Tá lúcháir orm an scéim thábhachtach seo a fheiceáil á leathadh amach sa Cheathrú Ghaeltachta. Aithníonn agus tacaíonn an tionscnamh seo leis an phobal bríomhar Gaeilge in iarthar Bhéal Feirste, agus tá súil agam go sínfear é amach anseo de réir na gCaighdeán Dea-chleachtais atá á bhforbairt ag m’Oifig faoi láthair."
"Tá ról an-tábhachtach le himirt ag údaráis phoiblí i bpleanáil teanga agus i gcosaint teanga, go háirithe agus an dualgas atá orthu anois mar gheall ar reachtaíocht chomh maith le gealltanais reatha an rialtais i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge."
"Neartaíonn tiomantas na Roinne Bonneagair maidir leis an tionscnamh seo an dúthracht atá ionam féin tacú le hiarrachtaí na n-údarás poiblí chun Tuaisceart Éireann a cheapadh mar áit ina mbeidh an Ghaeilge faoi bhláth mar chuid d’oidhreacht chultúrtha s’againn atá saibhir agus uathúil.”
Nótaí d’eagarthóirí:
- Is cóir fiosrúchán ar bith ó na meáin a chur chuig preasoifig na Roinne Bonneagair ag: press.office@infrastructure-ni.gov.uk
- Cuireann Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais seirbhís ar fáil taobh amuigh d'uaireanta oibre d'fhiosruithe ó na meáin amháin idir 1800 agus 0800 ó Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifigeach ar dualgas ar 028 9037 8110
- Lean an Roinn Bonneagair ar na meáin shóisialta: X, Facebook, LinkedIn, Instagram, and Bluesky.