Skip to main content
Department for Infrastructure Department for Infrastructure An Roinn Bonneagair Depairtment fur Infrastructure

Main navigation

  • Home
  • Topics
  • Publications
  • Consultations
  • Contact

Translation help

Translate this page

Select a language

  • Arabic — عربي
  • Chinese (Simplified) — 中文简体
  • Chinese (Traditional) — 中文繁體
  • Dutch — Nederlands
  • Filipino — Filipino
  • French — Français
  • German — Deutsch
  • Hungarian — Magyar
  • Irish — Gaeilge
  • Italian — Italiano
  • Latvian — Latviešu
  • Lithuanian — Lietuvių kalba
  • Polish — Polski
  • Portuguese — Português
  • Romanian — Română
  • Russian — Русский
  • Slovak — Slovenčina
  • Spanish — Español
  • Ukrainian — Українська
  • Tugann O’Dowd aird ar a ghealltanas leanúnach don Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste

    Topics:
    • Public transport, 
    • Public Transport

    Date published: 10 April 2024

    Dheimhnigh an tAire Bonneagair, John O’Dowd, gealltanas a Roinne i dtaca le leathadh amach leanúnach na Gaeilge de in iarthar Bhéal Feirste.

    Tugann O’Dowd aird ar a ghealltanas leanúnach don Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste
    Tugann O’Dowd aird ar a ghealltanas leanúnach don Ghaeilge in Iarthar Bhéal Feirste

    Tá fáilte curtha ag an Uasal O'Dowd roimh an dul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas agus dúirt sé gur céim dhearfach í an taispeáint dhátheangach eolais atá déanta ag Translink do phaisinéirí ar na seirbhísí Glider agus Metro, ina measc sin tabhairt isteach na comharthaíochta is na bhfógraí fuaime dátheangacha ar an Glider idir Páirc an Mhuilinn agus Bóthar Mhic an Aistrigh.

    Ag labhairt dó i ndiaidh cruinnithe Dé Céadaoin leis an Ghaeilge sa Cheathrú Ghaeltachta a phlé le Forbairt Feirste, dúirt sé:

    “Bhí áthas orm bualadh le Forbairt Feirste le mo ghealltanas leanúnach don chomhionannas ar son lucht labhartha na Gaeilge a phlé.

    “D'iarr mé ar na hoifigigh s’agam moltaí a fhorbairt maidir le tionscadal a fhágfaidh go mbeidh comharthaí tráchta ilteangacha i bhfeidhm ar bhonn píolótach sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste, áit ina bhfuil pobal Gaeilge faoi bhláth.

    “Cuideoidh sé seo le bonn eolais a chur faoi cheapadh beartais don todhchaí maidir le húsáid na gcomharthaí tráchta ilteangacha.”

    "Tá ról le himirt ag na Ranna agus ag na comhlachtaí poiblí le tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge is d’úsáid Albainis Uladh agus lena n-úsáid a chur chun cinn, agus leanfaidh an Roinn s’agam léi ag déanamh amhlaidh. CRÍOCH

    Notes to editors:

    Nóta d’eagarthóirí: 

    1. Ba cheart fiosrúchán ar bith ó na meáin a chur chuig preasoifig na Roinne Bonneagair ag: press.office@infrastructure-ni.gov.uk.
    2. Lean muid ar Twitter @deptinfra agus ar Facebook @DepartmentforInfrastructure agus ar LinkedIn ag DfILinkedIn.
    3. Cuireann Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais seirbhís ar fáil taobh amuigh d'uaireanta oibre d'fhiosruithe ó na meáin amháin, idir 1800 agus 0800 ó Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifigeach ar dualgas ar 028 9037 8110.

    Latest news

    • Kimmins announces significant milestone for Portadown Flood Alleviation Scheme

      15 December 2025

    • New planning policy can balance the drive to decarbonise energy use, alongside protection of our environment and communities - Kimmins

      11 December 2025

    • Council receives an update on road infrastructure projects for Fermanagh and Omagh District Council 2025

      9 December 2025

    • Minister Kimmins visits Erne Integrated College to discuss road safety

      8 December 2025

    More news …
    Share this page Share on Facebook (external link opens in a new window / tab) Share on X (external link opens in a new window / tab) Share by email (external link opens in a new window / tab)

    Department footer links

    • Crown copyright
    • Terms and Conditions
    • Privacy
    • Cookies
    • Accessibility
    • The Northern Ireland Executive
    • The Executive Office
    • Department of Agriculture, Environment and Rural Affairs
    • Department for Communities
    • Department for Education
    • Department for the Economy
    • Department of Finance
    • Department for Infrastructure
    • Department for Health
    • Department of Justice
    • nidirect.gov.uk — the official government website for Northern Ireland citizens