Dul chun cinn á dhéanamh ar an scéim phíolótach um chomharthaí tráchta dátheangacha in Iarthar Bhéal Feirste
Date published:
Chuir an tAire Bonneagair Liz Kimmins fáilte roimh an dul chun cinn atá á dhéanamh ar an scéim phíolótach le comharthaí tráchta a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla sa Cheathrú Ghaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste.

Tá an scéim phíolótach á forbairt in éineacht le Forbairt Feirste, agus tá leagan amach na gcomharthaí á dhearadh de réir treoracha ó Chonradh na Gaeilge.
Is é a dúirt an tAire Kimmins:
“Tá mé tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge a oiread agus is féidir faoi mo chúramsa. Mar sin de, tá áthas orm a dhearbhú go bhfuil dul chun cinn maith á dhéanamh againn ar fhorbairt na scéime píolótaí um chomharthaí tráchta dátheangacha sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste.
"Agus Seachtain na Gaeilge á ceiliúradh againn fá láthair, is forbairt thábhachtach dhearfach é seo a léiríonn mo thacaíocht don Ghaeilge mar theanga bheo atá in úsáid achan lá sa phobal rathúil seo, agus na bearta atá á ndéanamh ag mo Roinn.”
Notes to editors:
- Tá an leagan mBéarla den phreasráiteas seo ar fáil ag: https://www.infrastructure-ni.gov.uk/news/progress-being-made-west-belfast-bilingual-road-traffic-sign-pilot
- Tá comharthaíocht tráchta bóithre i gceist leis an scéim phíolótach mar tá an Roinn freagrach astu seo. Is í an Chomhairle atá freagrach as comharthaí na sráidainmneacha agus tá na cláir eolais phoiblí agus na cláir eolais turasóireachta taobh amuigh de raon feidhme an tionscadail phíolótaigh seo.
- Mar chuid de shuirbhé ar cheantar na scéime píolótaí, aithníodh 93 comhartha tráchta ingearacha agus 35 marc bóthair scríofa. Bhí an chuid is mó de na comharthaí nó na marcanna ag baint le lánaí bus, agus bhí an chuid eile ag baint le páirceáil agus comharthaí treo go príomha.
- Lean an Roinn ar: