Leagann an tAire Kimmins amach a gealltanas don Ghaeilge
Date published:
Leag an tAire Kimmins amach a gealltanas don Ghaeilge le linn cruinnithe le Forbairt Feirste inniu.
Thug an tAire uasdátú don ghrúpa ar an dul chun cinn atá an Roinn ag déanamh ar réimse ceisteanna – ina measc sin, comharthaíocht ar an líonra iompair phoiblí, agus scéim phíolótach maidir le comharthaí bóithre sa Cheathrú Ghaeltachta.
Agus í ag caint i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an tAire Kimmins:
“Tá an díograis chéanna agamsa is atá ag Forbairt Feirste maidir le feiceálacht agus cur chun cinn na Gaeilge ar fud an líonra iompair phoiblí, agus bhí áthas orm a fhógairt ar na mallaibh, tabhairt isteach na Gaeilge ar na comharthaí fisiceacha sa Mhórstáisiún Lárnach, agus ar na hinnill díola ticéad chomh maith."
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire:
“Tá an Roinn s’agam fá láthair ag cur dhearadh na gcomharthaí bóithre dátheangacha i gcrích don scéim phíolótach do Bhóthar na bhFál, sa Cheathrú Ghaeltachta, idir Bóthar Chluanaí agus Bóthar an Carraige Báine, agus tá sé de rún agam fógra eile a dhéanamh maidir leo seo roimh i bhfad.
“Tá oifigigh de mo chuid fosta i mbun athbhreithnithe ar an Bheartas Gaeilge sa Roinn lena chinntiú go bhfuil sé ar aon dul leis an Acht um Fhéiniúlacht agus Teangacha.”
Nótaí d’eagarthóirí:
Notes to editors:
- Ba cheart aon fhiosrúchán ó na meáin a chur chuig preasoifig an Roinn Bonneagair fríd: press.office@infrastructure-ni.gov.uk
- Cuireann Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais seirbhís ar fáil taobh amuigh d'uaireanta oibre d'fhiosruithe ó na meáin amháin, idir 1800 agus 0800 ó Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifigeach ar dualgas ar 028 9037 8110.
- Lean an Roinn ar: