Comharthaí tráchta dátheangacha in Iarthar Bhéal Feirste fógartha ag O’Dowd ar bhonn píolótach
D’fhógair an tAire Bonneagair John O’Dowd go bhfuil a roinn chun comharthaí tráchta dátheangacha a úsáid ar bhonn píolótach sa Cheathrú Ghaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste, beidh idir Ghaeilge agus Bhéarla ar na comharthaí.
Déanfar comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha a shuiteáil ar Bhóthar na bhFál idir Bóthar Chluanaí agus Bóthar na Carraige Báine.
Is é a dúirt an tAire:
“Is áit fhoirfe í an Cheathrú Ghaeltachta don togra phíolótach seo. Beidh na comharthaí tráchta agus na marcanna bóthair scríofa i nGaeilge agus i mBéarla sa cheantar seo gan mhoill, rud a bheas ag teacht leis an úsáid a bhaineann gnólachtaí agus eagraíochtaí eile sa Cheathrú Ghaeltachta as na teangacha seo. Creidim gur forbairt dhearfach í seo a léiríonn mo thacaíocht don Ghaeilge mar theanga bheo atá in úsáid achan lá sa phobal rathúil seo.”
Is é a dúirt Bainisteoir Tionscadail Fhorbairt Feirste, Piaras Mac Alastair:
“Tá áthas orainn, i ndiaidh stocaireacht a dhéanamh leis na blianta, go mbeidh comharthaí bóthair dátheangacha Gaeilge agus Béarla sa Cheathrú Ghaeltachta - an chéad áit riamh sa Tuaisceart. Spreagfaidh sé seo feidhmiú céimneach na comharthaíochta dátheangaí ar fud an Tuaiscirt, áit a bhfuil an t-éileamh ar sholáthar dátheangach ag méadú i rith an ama.
Tá feiceálacht na Gaeilge san earnáil phoiblí thar a bheith tábhachtach lenár dteanga chomhroinnte a chur chun cinn, a thuiscint agus le feasacht a ardú ina leith. Tá an chéad chéim seo dearfach lena chinntiú go mbeidh an Ghaeilge le feiceáil ar fud ár ngréasáin iompartha poiblí agus tá muid ag dúil le bheith ag obair leis an Aire agus a roinn sna míonna agus sna blianta atá amach romhainn le tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tsoláthar dhátheangach seo.”
Nóta d’Eagarthóirí:
- Ní bheidh ach na comharthaí tráchta siúd a bhfuil an Roinn freagrach astu san áireamh leis an togra phíolótach seo. Is í an Chomhairle atá freagrach as comharthaí na sráidainmneacha agus tá na cláir faisnéise poiblí agus na cláir faisnéise turasóireachta taobh amuigh de raon feidhme an tionscadail phíolótaigh seo.
- Mar chuid de shuirbhé scóipe, aithníodh 93 comhartha tráchta ingearacha agus 35 marc bóthair scríofa. Bhí an chuid is mó de na comharthaí nó na marcanna ag baint le lánaí bus, agus bhí an chuid eile ag baint le páirceáil agus comharthaí treo go príomha.
- Tá an tAire sa phictiúr le Piaras Mac Alastair, Bainisteoir Tionscadail Fhorbairt Feirste,
- Ba cheart fiosrúchán ar bith ó na meáin a chur chuig preasoifig na Roinne Bonneagair ag: press.office@infrastructure-ni.gov.uk.
- Cuireann Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais seirbhís ar fáil taobh amuigh d'uaireanta oibre d'fhiosruithe ó na meáin amháin, idir 1800 agus 0800 ó Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifigeach ar dualgas ar 028 9037 8110.
- Lean an Roinn ar Twitter @deptinfra agus ar Facebook @DepartmentforInfrastructure agus ar LinkedIn ag Department for Infrastructure.