Gheall an tAire Bonneagair, John O’Dowd, a thacaíocht leanúnach a thabhairt leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar na seirbhísí poiblí.
I ndiaidh dó labhairt le Conradh na Gaeilge, dúirt sé:
“Tá mé ag iarraidh a fheiceáil níos mó infheictheachta agus cur chun cinn i dtaca leis an Ghaeilge de ar fud na seirbhísí poiblí agus inár sochaí. Tá an taispeáint dhátheangach eolais atá déanta ag Translink do phaisinéirí ar na seirbhísí Glider agus Metro ina tionscnamh dearfach.
"Tá treoir bheartais don Ghaeilge i bhfeidhm le fada an lá ag mo Roinnse, treoir a cuireadh i dtoll a chéile faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh, agus déantar í a athbhreithniú achan bhliain. Baineann an Chairt seo leis na húdaráis phoiblí uilig fosta. Molaim dóibh siúd cloí lena ndualgais faoin Chairt seo agus an Ghaeilge agus mionteangacha eile a chur chun cinn. Agus tá an Ghaeilge aitheanta mar theanga oifigiúil de réir an Achta um Fhéiniúlacht agus Teanga a ritheadh ar na mallaibh.
"Tá mé tiomanta do chur chun cinn na Gaeilge taobh istigh den chúram atá agam. Chuige sin, d'iarr mé ar na hoifigigh s’agam moltaí a fhorbairt maidir le tionscadal a fhágfaidh go mbeidh comharthaí tráchta ilteangacha i bhfeidhm ar bhonn píolótach sa Cheathrú Ghaeltachta i mBéal Feirste, áit ina bhfuil pobal Gaeilge ag fás agus faoi bhláth.
"Tá ról le himirt ag na Ranna agus ag na comhlachtaí poiblí tacaíocht a thabhairt d’úsáid na Gaeilge agus lena húsáid a chur chun cinn. Tuigim go bhfuil níos mó is féidir linn a dhéanamh, agus geallaim go leanfaidh mé orm ag cur na Gaeilge chun cinn chomh fairsing agus is féidir."
Notes to editors:
Nóta d’eagarthóirí:
- Ba cheart fiosrúchán ar bith ó na meáin a chur chuig preasoifig na Roinne Bonneagair ag: press.office@infrastructure-ni.gov.uk .
- Lean muid ar Twitter @deptinfra agus ar Facebook @DepartmentforInfrastructure agus ar LinkedIn agDfILinkedIn.
- Cuireann Seirbhís Eolais an Fheidhmeannais seirbhís ar fáil taobh amuigh d'uaireanta oibre d'fhiosruithe ó na meáin amháin, idir 1800 agus 0800 ó Luan go hAoine agus ag an deireadh seachtaine agus ar laethanta saoire poiblí. Is féidir teagmháil a dhéanamh leis an phreasoifigeach ar dualgas ar 028 9037 8110.
Latest news
- O’Dowd announces £455,000 road improvement scheme for A25 Dublin Road, Kilcoo 08 May 2024
- DfI and PSNI meet to discuss potential road safety improvements on A5 08 May 2024
- O’Dowd condemns attack on member of Translink staff 08 May 2024
- Infrastructure Minister backs No Mow May to promote biodiversity 02 May 2024