Fógraíonn an tAire Mallon go bhfuil comharthaíocht Ghaeilge le tabhairt isteach ar Sheirbhís Glider

21 Aibrean 2021

Launch of Bi-lingual signage on Glider route Chuir an tAire Bonnegair fáilte roimh thabhairt isteach comharthaíochta Gaeilge ar an bhealach Glider in Iarthar Bhéal Feirste.

Ón lá inniu amach ar an fhaisnéis do phaisinéirí ar bord, léireofar chomharthaíocht dhátheangach “céad stop eile”. Cuirfear i bhfeidhm é ar sheirbhísí Glider a fheidhmíonn ó Ghort an Mhuillin go Bóthar Mhac an Aistrigh agus an Mol Colin Connect.

Agus í ag labhairt ag an Mhol Colin Connect is éard a dúirt an tAire Mallon:

“Ní ba luaithe i mbliana d’fhógair mé go raibh rún agam comharthaíocht Ghaeilge a chur i bhfeidhm ar an bhealach Glider in Iarthar Bhéal Feirste, de réir na ngealltanas don Ghaeilge in Deich Bliana Nua, Cur Chuige Nua. Ta áthas orm a rá gur cuireadh chun críche é agus ón lá inniu beidh na comharthaí cinn scríbe i nGaeilge agus i mBéarla araon.

Is céim dhearfach chun tosaigh é sin i dtaca leis an Ghaeilge a dhéanamh níos feiceálaí inár seirbhísí poiblí agus inár bpobail, rud atá tuillte ag an Ghaeilge.

Cé go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh lena chinntiú go gcaitear leis na teangacha mar an gcéanna, tá áthas orm go bhfuil mo Roinn ag déanamh bearta de réir mo bhriathair agus go bhfuil sí ag cur leis an dul chun cinn atá déanta cheana. Ón lá inniu, beidh an Ghaeilge le feiceáil leis an Bhéarla ar na teachtaireachtaí cinn scríbe ar bord na seirbhísí Glider atá ag feidhmiú ó Ghort an Mhuillin go dtí bóthar Mhac an Aistrigh agus ag an Mhol Colin Connect.

D’oibrigh mo Roinn féin agus Translink go dlúth le páirtí leasmhara sa cheantar, Forbairt Feirste, chun an obair seo a thabhairt chun cinn agus táim cinnte go gcuirfidh gach duine sa phobal áitiúil fálite roimpi.”

Tá mé ag súil le níos mó comharthaíocht Ghaeilge a thabhairt isteach ar na feithiclí poiblí, laistigh agus lasmuigh díobh araon, i gcomhpháirtíocht le Translink agus pobal na háite.

“Mar a d’achoimrigh mé ón am a tháinig mé chun oifige, tá sé ar cheann de na tosaíochtaí sa rialtas go bhfuil an comhionnanas ina mheon lárnach i ngach gné dár gcuid oibre. Cé go bhfuil cuid mhór oibre le déanamh go fóill, coiscéim thábhachtach sa phróiseas is ea an fógra inniu.”

Nótaí do na heagarthóirí:

  1. Cuireadh comharthaíocht dhátheangach i bhfeidhm ar an Metro 10 tar éis comhairliúchan poiblí luath in 2011 ag Translink. Tríd an obair seo táthar ag féachaint lena cinntiú go gcuirfear an polasaí seo i bhfeidhm ar an chuid den bhealach Glider atá sa dorchla Metro 10.
  2. Ní mór aon fhiosruithe ó na Meáin a bheith dírithe ar Phreas na Roinne Bonneagair ag press.office@infrastructure-ni.gov.uk. Taobh amuigh d’uaireanta oifige, déan teagmháil leis an phreasoifigeach ar dualgais 02890378110.
  3. Lean an Roinn ar Twitter @deptinfra agus ar Facebook @DepartmentforInfrastucture
Back to top